[Aireacha] 3 amhrán anois...agus tuilleadh níos moille...
daithinyc at aol.com
daithinyc at aol.com
Fri Dec 8 18:55:46 EST 2006
Oíche Chiúin
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách 'na suan dís araon.
Dís is dílse 'faire le spéis
Naíon beag, leanbh ceansa 'gus caomh.
Críost, 'na chodladh go sámh.
Críost, 'na chodladh go sámh.
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala 'n scéal.
Allelúia aingeal ag glaoch.
Cantain suairc i ngar is i gcéin.
Críost an Slánaitheoir Féin
Críost an Slánaitheoir Féin
-----------------------------------------------------------
Don Oíche Úd i mBeithil
Don oíche úd i mBeithil, beidh tagairt ar ghréin go brách,
Don oíche úd i mBeithil go dtáinig an Bhréithir slán;
Tá gríosghrua ar spéarthaibh 's an talamh 'na chlúdach bán;
Féach Íosagán sa chléibhín, 's an Mhaighdean 'Á dhiúl le grá
Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na haoirí scóth
Nuair in oscailt ghil na spéire tá teachtaire Dé ar fáil;
Céad glóire anois don Athair i bhFlaitheasaibh thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh d'fhearaibh dea-mhéin' siocháin!
------------------------------------------------------
Bualadh Bos!
Bualadh bos, bualadh bos,
buailfimís go léir,
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht,
Anuas an similéar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Buailfimís go léir,
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht
Anuas an similéar.
Tá'n Nollaig buailte linn,
Tá áthas insan aer,
Tá sneachta ar an dtalamh,
Tá réaltaí insan spéir.
Táimid ag dul a chodladh
Is tá ár stocaí réidh.
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht
Anuas an similéar.
Curfá
A Dhaidí, brostaigh ort,
Is cuir do mhála síos.
Líon suas an stoca beag
le feiríní arís,
Is mithid duit imeacht
suas an simléar.
Tá páistí beaga ag feitheamh ort
i ngach aon áit faoin speir.
Curfá
________________________________________________________________________
Check out the new AOL. Most comprehensive set of free safety and security tools, free access to millions of high-quality videos from across the web, free AOL Mail and more.
-------------- next part --------------
An HTML attachment was scrubbed...
URL: /pipermail/aireacha_scoilgaeilge.org/attachments/20061208/c5fc2ed9/attachment.htm
More information about the Aireacha
mailing list