[Aireacha] Sean-amhra/n Gaeilge faoi Washington, srl.

Norton, James (Exchange) JNORTON at bear.com
Fri Oct 20 08:44:01 EST 2006


Bhí mé ag taispeáint an amhráin seo do Ghearóid ar an traein aréir, agus cheap sé go mbeadh suim ag an scoil ann.  Scríobhadh roimh 1804 é, agus tá sé faoin Réabhlóid Mheiriceánach.  Sean-litriú agus canúint atá ann, ach is féidir an chuid is mó de a thuiscint gan dua.

http://www.fainne.org/danlann/geal.html


(If you couldn't read that, you won't be able to read the song either.  It was written around the time things were happening, about our Revolutionary War, by a Clare poet)

le meas,

Séamas

P.S.  Ní raibh a fhios agam cá raibh Inis Fáll, ach fuair mé i gCéitinn é....  


http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text010.html
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section I
An ceud alt
Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.
....
An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus 'Saxum fatale', eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na h-Alban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fá an neach d'ár chóra flaitheas Éireann d' fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i d-Teamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an domhain an tan rugadh Críost;. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn [amhail adubhairt Cionaoth file]:- 
				An chloch atá fóm' dhá sháil, 
				uaithe ráidhtear Inis Fáil; 
				Idir dhá thráigh thuile theinn, 
				Magh Fáil uile for Éirinn.
Ní thuigim gach focal den sliocht thuas, ach is ainm eile ar Éirinn é.




***********************************************************************
Bear Stearns is not responsible for any recommendation, solicitation, 
offer or agreement or any information about any transaction, customer 
account or account activity contained in this communication.
***********************************************************************



More information about the Aireacha mailing list