[Aireacha] Sean-amhra/n Gaeilge faoi Washington, srl.

jerrykelly at att.net jerrykelly at att.net
Fri Oct 20 14:21:11 EST 2006


Go raibh míle maith agat, a Shéamais.
 

-----Original Message-----
From: Aireacha-bounces at scoilgaeilge.org
[mailto:Aireacha-bounces at scoilgaeilge.org] On Behalf Of Norton, James
(Exchange)
Sent: Friday, October 20, 2006 9:44 AM
To: aireacha at scoilgaeilge.org
Subject: [Aireacha] Sean-amhra/n Gaeilge faoi Washington, srl.

Bhí mé ag taispeáint an amhráin seo do Ghearóid ar an traein aréir, agus
cheap sé go mbeadh suim ag an scoil ann.  Scríobhadh roimh 1804 é, agus tá
sé faoin Réabhlóid Mheiriceánach.  Sean-litriú agus canúint atá ann, ach is
féidir an chuid is mó de a thuiscint gan dua.

http://www.fainne.org/danlann/geal.html


(If you couldn't read that, you won't be able to read the song either.  It
was written around the time things were happening, about our Revolutionary
War, by a Clare poet)

le meas,

Séamas

P.S.  Ní raibh a fhios agam cá raibh Inis Fáll, ach fuair mé i gCéitinn
é....  


http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text010.html
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating) Section I An
ceud alt Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.
....
An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm
sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus 'Saxum
fatale', eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na
h-Alban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fá an
neach d'ár chóra flaitheas Éireann d' fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do
bheith i mórdháil i d-Teamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí
ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an
domhain an tan rugadh Críost;. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh
gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn [amhail adubhairt Cionaoth
file]:- 
				An chloch atá fóm' dhá sháil, 
				uaithe ráidhtear Inis Fáil; 
				Idir dhá thráigh thuile theinn, 
				Magh Fáil uile for Éirinn.
Ní thuigim gach focal den sliocht thuas, ach is ainm eile ar Éirinn é.




***********************************************************************
Bear Stearns is not responsible for any recommendation, solicitation, offer
or agreement or any information about any transaction, customer account or
account activity contained in this communication.
***********************************************************************

_______________________________________________
Aireacha mailing list
Aireacha at scoilgaeilge.org
http://scoilgaeilge.org/mailman/listinfo/aireacha_scoilgaeilge.org




More information about the Aireacha mailing list